Monday 17 November 2008

Gaeilge na Mí



Ní bhaineann an t-alt seo le Ráth Chairn nó Baile Ghibb, ach leis an nGaeilge a bhíodh á labhairt i gContae na Mí go stairiúil.

Is ón leabhar Gaelic Dialect in East and Mid-Leinster (1933) le Donn Piatt a tháinig na habairtí thíos.

Tá go leor eolais bailithe maidir le Gaeilge na Mí agus tá súil agam níos mó de a fhoilsiú amach anseo.
Dúirt Piatt gur tháinig na habairtí seo ó fhear darbh ainm P. Fagan, agus go bhfuair seisean iad óna athair Séamas 'ac Áogáin.
Scríobh Piatt an méid seo faoi;
"Séamas 'ac Aogáin, from whom these phrases were taken, died in 1929. He was born and lived at Churchtown, near Robertstown, Trim, and his birth registered at the parish church in Dunderry. His father, also a native speaker, died in 1907."

Gaeilge Ultach a bhí aige gan amhras ach an rud is spéisiúla faoi ná gur mar 'ch' scornúil a dúradh 'th' in 'maith' agus 'dóthain.'

"Bhfuil sé ag fearthainn" (Will she farann) 'e' in 'met'.
"Sin praiseach" (Shin presheh) 'e' in 'met'.
"Bhí mé ag cúl a'ráithín" (Vee meh eh cool a raheen)
"Fuair mé boltarán buí" (Foor meh boltarawn bweeyeh)
"Caidé mar a tá tú" (Go kay m'ata tuh) 'u' short.
"Tú an gasún maith" (Tú an gawson myc'h)
"Tú an ghirseach mhaith" (Tú'n gherrsheh wyc'h) Final 'th' of 'maith' pronounced as a guttural 'ch.'
"Bhí gearrán mór aige" (Vee garron more aige)
"Chuaigh sé na Bóthar Buí" (Fooie she/sha an Bawhur Bweeyeh). (Bóthar Buí=Enfield).
"Tchím madadh dubh" (Cheem mawdoo doo)
"Tá tae mo dhóthain agam" (Ta tae mo ghorc'han agam) ch guttural.
"Go raibh muid slán folláin n' am seo arís" (Go row)

Kal meh (I ate)
Praeta-Potato
Casóg (Cawsog) 'og' as in 'dog'
Ciotóg (Kithoge) acc on first syllable. 'Oge' as 'og' in 'dog.'

Tá tuilleadh eolais maidir le Gaeilge na Mí ar fáil ó na foinsí seo agus tá súil agam roinnt den ábhar a chur ar an mblag seo amach anseo.

Gaedhilg na Midhe, An tUltach 14:7
(8/1937) Lch 5, le Donn Piatt.
Giotaí de Ghaeilg dhúchasach na Midhe, An
tUltach 29:6 (6/1952) Lgh 11-12, le Donn Piatt.
Gaeilge na Mí, An tUltach 44, uimh. 9, Meán Fómhair 1967, Lgh 9–10, le Donn Piatt.
An 'Ghaoluinn' i dtuaisceart Átha Cliath, An tUltach 10:4 (06/1933) Lgh 2-3 (Co na Midhe), le Donn Piatt.
Gaeilg na Midhe, Ríocht na Midhe 2, Uimhir 1, 1959, Lgh 61–62, le Maighréad Uí Chonmhidhe.
A south Meath glossary, Ríocht na Midhe 2, Uimhir 2, 1960, Lgh 69–72; 2, Uimhir 3, 1961 Lgh 57–59, le Margaret Conway.
Canúint na Mí, Studia Hibernica 31, le Nicholas Williams.
The Leinster dialect, An Claidheamh Soluis 12:40
(10/12/1910) 21; 12:43 (31/12/1910) 5-6; 12:48 (4/2/1911) 5-6, le Seosamh Laoide.

Tá liosta níos cuimsithí ag Ciarán Ó Duibhín ag www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/oirthear/biblio.txt agus is cinnte go bhféadfaí  saothar mór a dhéanamh ar Ghaeilge na Mí dá mbailleofaí an t-ábhar uilig le chéile.


Tá liosta d’fhoinsí a bhaineann le Gaeilge Laighean ar fáil ag an nasc seo.

http://bill.celt.dias.ie/vol3/classifications.php?ClassificationID=139


1 comment:

  1. Tá leabhar iomlán ann ar Ghaeilg na Mí, scríofa i 1950, mionchaint na Mí agus scríobh Hugh Ó Dónaill cuid mhór frásaí amach sa canúint sin

    ReplyDelete