Tuesday 17 May 2011

Deacair 'normálú' a dhéanamh nuair a leanann ceilt Bhaile Átha Cliath-Muineacháin ar aghaidh


Lá stairiúl atá ann inniu, beidh Banríon Shasana, Éilis II, sa Phoblacht, an chéad chuairt ag ceannaire stáit na Breataine ar na 26 contae.
Ócáid shuntasach atá ann, níl aon amhras faoi sin, ní raibh Banríon nó Rí Shasana sa Phoblacht go dtí seo.
Táthar ag déanamh cur síos ar an gcuairt seo mar an chéim dheireanach den 'normálú' idir Poblacht na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe. Deirtear chomh maith gur comhartha atá ann go bhfuil daoine in Éirinn “in inmhe” anois le glacadh leis an gcuairt seo.
Tá suntas ag baint leis an lá seo ar chúis eile áfach, agus tá dlúthbhaint idir an dá chúis. Ar an lá seo 37 bliain ó shin tharla buamáil Bhaile Átha Cliath-Muineacháin, an choir is mó is stair an Stáit.
Maraíodh 34 duine ar 17 Bealtaine 1974, an lá is fuiltí le linn na dTrioblóidí. Tá amhras ar go leor daoine go raibh baint ag fórsaí slándála na Breataine, sé sin, fórsaí slándála na Banríona, leis an uafás seo.
Ó shin i leith, tá diúltaithe ag an mBreatain eolas atá acu maidir leis an gcoir seo a scaoileadh, ainneoin iliomad iarratas ó theaghlaigh na marbh, gníomhaithe, an tOireachtas agus Taoisigh.
Mar sin, cén chaoi gur féidir 'normálú' a dhéanamh ar an gcaidreamh idir dhá thír nuair a amhras ann go ndearna ceann amhán acu buamáil sceimhlitheoireachta ar an gceann eile agus go ndiúltaíonn siad eolas atá acu faoin mbuamáil sin a eisiúnt?
Cuimhnigh chomh maith an drochmheas breise a léiríonn sé do mhuintir na hÉireann – le 40 bliain anuas tá go leor leor cainte déanta faoin gcomhoibriú slándála idir na Gardaí agus an RUC agus an PSNI.
Deirtear linn go rialta go bhfuil an comhoibriú seo níos fearr ná mar a bhí riamh agus go bhfuil go leor daoine beo inniu de bharr an chomhoibrithe seo.
Le blianta fada tá cabhair tugtha ag an bPoblacht chuig an mBreatain le stop a chur le iarrachtaí an tír sin a bhuamáil.
Ach nuair a iarrann muidne ar an mBreatain le haghaidh eolais faoin mbuamáil is measa is stair na hÉireann, diúltiú glan a fhaigheann muid.
Níl aon rud 'normálta' faoin staid seo.

No comments:

Post a Comment