Thursday 26 May 2011

Ratko Mladic, Osama Bin Laden agus Ariel Sharon


Deá-sceál dóibh siúd atá ag iarraidh cearta daonna a chur chun cinn é gabháil Ratko Mladic inniu. Tá coireanna cogaidh curtha i leith iarcheannaire Arm na Seirbeach Boisniach le linn na coimhlinte brúidiúil i mBoisnia sna luath 1990í.

Ina measc tá léigear Sairjéavó agus ár Srebrenica, inar cuireadh 8,000 fir agus ógánach chun báis.

I rith an chogaidh rinne fórsaí Mladic iliomad coir, mharaigh siad sibhialaigh, d'éignigh siad mná agus cailíní agus ruaig siad na mílte Boisniach agus Crótach óna gceantar dúchais. Is ón gcoir dheireanach seo a tháinig an téarma 'glanadh eitneach'.

Mar sin is maith an rud é go bhfuil Mladic le cur faoi thriail. Tá moladh tuilte ag rialtas agus muintir na Seirbia go bhfuil siad sásta glacadh leis an méid a rinne iar-rialtais sa tír, murab ionann go leor tíortha eile timpeall na cruinne, agus an dlí a chur ar dhaoine a bhí ina 'laochra náisiúnacha' tráth dá raibh.

Cuirtear ár Srebrenicia i leith Mladic, ár a chuirfhinn i gcomparáid le hionsaithe 9/11. Is cosúil go raibh Osama Bin Laden ciontach as an uafás sin inar maraíodh 3,000 sibhialach. Is trua nár cuireadh an dlí ar Bin Laden, ach nílim ró-bhuartha go bhfuil sé imithe ar shlí na fírinne.

Tá sé spéisiúl coireanna Mladic agus Bin Laden a chur i gcompar le coireanna iar-phríomhaire na hIosraela, Ariel Sharon. Dúirt fiosrú Iosraelach go raibh Sharon 'freagrach go hindíreach' as ár Sabra agus Shatila i mBéiriút in 1982 agus é i gceannas ar arm na hIosraela.

Mharaigh comhghuallaithe na nIosraelach, an Phalange, 2,000 bean agus páiste Pailistíneach thar trí lá, agus chiorraigh siad roinnt de na coirp.

Tá Sharon freagrach as coireanna atá ar chomhchéim le coireanna Mladic agus Bin Laden, ach ní chaitear leo ar an mbealach céanna.

Má tá sé de cheart ag rialtas Mheiriceá Osama Bin Laden a mharú, le cúnamh, de réir roinnt foinsí, fianaise a fuaireadh trí céasadh a dhéanamh ar chimí i gCuan Guantanamo, a bhfuil sé ceart go leor má dhéanann an t-údarás Pailistíneach a mhacasamhail le Sharon?

An bhfuil sé de cheart acu saighdiúrí Iosraelacha a fhuadach, iad a chéasadh go dtí go n-insíonn siad dóibh cén áit atá Sharon ina chónaí, agus ansin drong armtha a chur ann chun é a mharú?

Má tá rialtas Mheiriceá in ann an dlí ar chur ar leataobh níl aon chúis gearáin acu más amhlaidh a dhéanann tíortha eile.

B'fhearr is bhfad dar ndóigh go gcuirfí Ratko Mladic, Osama Bin Laden, Ariel Sharon agus búistéirí eile ós comhar na Cúirte Coiriúil Idirnáisiúnta.

No comments:

Post a Comment