Friday 3 June 2011

An bhfuil tú 'fionnuar' nó an bhfuil tú 'cúláilte'?


Go minic cloistear daoine ag rá go gcaithfear an Ghaeilge a dhéanamh 'cool' chun daoine a mhealladh chun na teanga.

Dar ndoígh má táthar ag iarraidh an Ghaeilge a dhéanamh 'cool' ciallaíonn sé sin go bhfuil sé intuigthe é i measc muintir na hÉireann go bhfuil sé 'uncool', go bhfuil rud éigin cearr nó olc leis an teanga.

Nílim ag plé na ceiste sin inniú áfach, ach an cheist faoin nGaeilge ar an bhfocal é féin.

Roinnt blianta ó shin bhí comhrá agam le dhá fhear Ghaeltachta faoin ábhar seo. Bhí 'cúláilte' cloiste agam le blianta fada agus thacaigh an bheirt leis.

Níor thaithinn sé liom ar chor ar bith, áfach, dá mba rud é go raibh mé chun an stró a chur orm féin an dara teanga atá agam a dhéanamh im' chéad theanga, ní theastaíonn uaim foclaí atá díreach tógtha ón mBéarla ar nós 'cúláilte' a úsáid, go háirithe nuair atá leagan níos dúchasaí ar fáil.

Bhreathnaigh mé san fhoclóir le féachaint cén Ghaeilge a bhí ag de Bhaldraithe agus eile ar 'cool' – fionnuar a bhí aige.

Tar éis don teacht ar an bhfocal seo chuala mé é á úsáid ag duine nó beirt i mBéal Feirste chomh maith.

Ní raibh an dá fhear Ghaeltachta ar aon intinn liom faoi 'fionnuar' áfach. Níor theastaigh uathu é a úsáid sa chomhthéacs sin ar chor ar bith.

De réir an léimh a bhí acu ar an bhfocal, rud fuar, neamhtaithneamhach a bhí i 'bhfionnuar' agus bhí 'cúláilte' sa chaint le blianta fada.

Má fhéachann tú i bhFoclóir Uí Dhónaill an sainmhíniú atá ar 'fionnuar' ná : Cool. (of air) cool, refreshing. (of temperature) cool, moderate. (of disposition) calm, serene.

Tráth dá raibh bhí dhá bhunbhrí le 'cool' sa Bhéarla, ceann a bhain le teocht agus ceann le mothúcháin (a cool response, reaction srl). An chéad seo caite tháinig brí nua chun cinn áfach, an ceann atá faoi chaibidil agam anseo.

Is féidir le brí nua teacht chun cinn i dtaobh 'fionnuar' chomh maith, agus dar ndóigh, má úsáideann go leor daoine an focal beidh an brí sin aige sar i bhfad.

4 comments:

  1. Is fíor dhuit, is dócha. Ach braitheann sé ar daoine a thuiscint cad atá i gceist agat. Nílim féin ró thógtha le ceachtar téarma don gcoincheap, ó tharla nach dtuigfeá cad atá i gceist gan Béarla a bheith agat. Sílim go bhfuil an dub meáin aicmeach áirithe seo ar thaobh fir na Gaeltachta ar an gceist.

    ReplyDelete
  2. heh - chomhthéacs - love it.

    so you're saying that cúláilte is /not/ béarlachas! wow, that's so disappointing! we all thought we were being rebellious in school and it turns out we were falling into the trap.

    I'd actually look at "duine nó beirt" as béarlachas. it's a peculiar phrase.

    ReplyDelete
  3. Is beannaithe an trácht ar "fionnuar" ar lá te mar seo!

    ReplyDelete
  4. Kae, whether cúláilte is béarlachas or not I can't say (fairáilte was fairly common in school and I said it often myself), I never took to cúláilte however but some people in the Gaeltacht have - it's all a bit aisteach as they say.

    Aonghus,
    Tuigim ach má tá duine chun cur síos a dhéanamh ar an gcoincheap áirithe seo i nGaeilge b'fhearr liom fionnuar. Neosfaidh an aimsir an aontóidh go leor daoine eile liom chun go nglacfaidh comharba Uí Dhomhnaill leis amach anseo!

    ReplyDelete