Monday 12 November 2012

Sorry, I’ll never be mature enough to honour British war criminals





Apropos of James McClean, here is the BBC reporting last month on the ‘controversy’ surrounding the visit by Japanese politicians to the Yasukuni Shrine in Toyko to honour Japan’s war dead.
 
The Yasukuni Shrine is the Japanese equivalent of the British Poppy, both “honour” their countries’ war dead, but as much as both may try to ignore the facts, these war dead include people who committed crimes against humanity.

There are some differences between here and there however.

*China and Korea actually protest anytime a Japanese politician visits the shrine.
*Korea was part of the Japanese Empire for 35 whole years.
*AFAIK people in the Korean media don’t ask if Koreans are ‘mature’ enough to honour Japan’s war dead or Koreans who fought in the Japanese Army.
 
If anyone wants to honour Irish people who fought in WWI wear an anti-war white poppy, otherwise you’re honouring British war criminals, something I’ll never be mature enough to do I’m sorry to say.

Sunday 11 November 2012

Réiteach simplí ar fhadhb an ‘ch’



Rinne mé gné-alt do Ghaelscéal le déanaí faoin méid a bheadh i ndán don Ghaeilge dá mba rud é go raibh an tuar a rinne an Staidéar Cuimsitheach cruinn – sé sin nach mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na nGaeltachtaí is láidre i gceann 10-15 bliain.
 
Shíl roinnt daoine go raibh an seanscéal á phlé againn – ‘Tá an Ghaeltacht ag fáil bháis, caithfidh muid rud éigin a dhéanamh faoi!’, ach ní hé sin a méid a bhí ar bun. Bhí muid ag cothú díospóireachta faoin méid a tharlódh don teanga mura mbeadh pobal Gaeltachta ann amach anseo.

Ceann de na ceisteanna a phléadh ná caighdeán na Gaeilge san am atá le teacht. Léirigh Máire Ní Neachtain ó Ollscoil Luimnigh imní faoi chúrsaí foghraíochta, an consan caol agus an ‘ch’ ach go háirithe.

Níl an fhuaim sin sa Bhéarla agus ní féidir le go leor daoine atá tar éis an Ghaeilge a fhoghlaim í a rá go nádúrtha. Gan é ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir foclaí ar nós ‘cuir’ agus ‘chuir’, ‘cheannaigh’ agus ‘ceannaigh’ srl.

Tá réiteach simplí agam ar an bhfadhb áfach. Is féidir le foghlaimeoirí foghraíocht Uladh a úsáid ó thaobh an ‘ch’ seachas foghraíocht Chonnacht nó Mumhan.

Tá ‘ch’ na nUltach i bhfad níos boige ná ‘ch’ na gConnachtach nó na Mumhanach.

Is cur cíos garbh é seo dar ndóigh ach don chuid is mó bíonn an ‘c’ beagnach ciúin sa ‘ch’ agus fuaimnítear an ‘h’ amháin.

Smaoinigh ar an mbealach a deir Conallaigh ‘chuaigh’ ‘teach’, ‘isteach’, ‘achan’ srl. 


Dá bhrí sin, má tá muid ag iarraidh go mbeadh foghlaimeoirí Gaeilge ag rá an ‘ch’ le foghraíocht dhúchasach amach anseo is féidir foghraíocht 'ch' Uladh a chur chun cinn!

Mar fhocal scoir, ní hé an ‘ch’ an t-aon "fhadhb" foghraíochta atá ag Éireannaigh. Ní féidir le formhór na nÉireannach ‘th’ an Bhéarla a rá toisc nach bhfuil sé le fáil sa Ghaeilge. De bharr seo ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir foclaí ar nós ‘thought’ agus ‘taught’, ‘three’ agus ‘tree’, nó go deimhin féin, ‘third’ agus ‘turd’!

Ainneoin seo is beag duine a deireadh sa lá atá inniu ann go bhfuil droch-Bhéarla ag Éireannaigh, ach sin scéal eile.