Tuesday 18 March 2014

Consain Chaola na Gaeilge



Bhí go leor cloiste agam faoi chonsain chaola na Gaeilge ach ní raibh a fhios agam go dtí le déanaí ceard go díreach a bhí i gceist leo.

Shíl mé, mar shampla gurb é 'bow-hir' an fuaimniú ar 'bóthair' – ach ní amhlaidh atá.

D'fheastal mé ar ghaelscoileanna ach ní chuimhin liom gur dúradh aon rud linn fúthu. Is amhlaidh a bhí sé agus mé ag déanamh cúrsa gramadaí mar chuid de ard-dioplómá cumarsáide in OÉG.

Rinne mé cuardach ar líne le míníu a fháil ar fhuaim na gconsan seo ach níor tháinig mé ar rud ar bith úsáideach, níl IPA agam.

Ar aon chaoi tá leigheas aimsithe agam ar an gceist seo leis na fuaimrianta ar focloir.ie

R caol

Brú 'bóthar' agus 'bóthair'.


L caol

Brú 'súl' agus 'súil'.


Níor tháinig mé ar shamplaí do na consain eile go fóill.

(Ní saineolaí mé ar chúrsaí gramadaí mar sin má tá botún éigin déanta agam leis an bpost leis abair liom le bhur dtoil!)